Ainm: | Margaret Chití Phadaí Owenie Ní Bhaoill | |
Áit Chónaithe: | An Seascann Beag |
Áit Dúchais: | An Seascann Beag |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Obair |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ba an chéad jab a fuair sí ná ag obair i mBaile Átha Cliath don teaghlach clúiteach Na Smurfitts. Ba obair tí agus ag amharc i ndiaidh páistí na cúramaí a bhí uirthi. | 00:00:50 | |
Chaith sí bliain ag obair i mBaile Átha Cliath agus chuaigh sí ag obair in ‘Amblers’ an chéad mhonarcha a tógadh ar an Eastáit Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair. Ba snáth olann a bhítí a dhéanamh agus ba seacht bpunta an chéad phá a fuair sí. Níor mhair an monarcha ach cúpla bliain. Bunaíodh Telectron cúpla bliain ina dhiaidh sin agus bhí 150 ag obair ann i ndiaidh tamaill. Chaith sí tríocha trí bliain uilig ag déanamh obair monarchana ar an Eastáit nó ar An Screabán.
Tá sí ag déanamh cúntóir baile (home help) san am i láthair. Tá sí breá sásta ag déanamh na hoibre sin ná tá deireadh leis an obair dhéantúsaíochta | 00:07:07 | |